|  |
 |
 |
|
Imleabhar 4
Eagrán 8
|
Aibreán 2007
|
|
Fáilte go heagrán mhí Aibreáin de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon.
Mar a leagadh amach i nuachtlitreacha a chuaigh roimhe seo, beidh cúig chlár maoinithe, atá curtha in oiriúint do na riachtanais ar leith a bhaineann leo, ag teacht le linn 2007 in áit phríomhchlár deontas na Comhairle d'eagraíochtaí, maoiniú Ioncaim. Gheobhaidh tú sonraí sa nuachtlitir seo maidir le dhá chlár nua atá le heisiúint go luath - Deontais do Chláir Bhliantúla agus Maoiniú Bliantúil.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag lorg iarratas ar dheich bpost riaracháin shealadacha agus bhuana, mar chuid dár struchtúr eagraíochta nua. Seiceáil ár láithreán gréasáin, más é do thoil é, chun sonraí agus foirmeacha iarratais a fháil.
Ar ábhair eile, foilsímid na cinntí do scéim thionscadal na dTaispeántas Scoile agus an dara grúpa eagraíochtaí atá le bheith rannpháirteach i dturgnamh na camchuairte; déanaimid glaoch ar léiriú spéise don tríú babhta de thurgnamh na camchuairte a fhógairt agus tionscnamh comhmhaoinithe sna healaíona traidisiúnta (Turas) a sheoladh le Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Tá nuacht againn chomh maith faoi thoghadh 15 bhall nua d'Aosdána, ag cuimsiú córagrafadóirí den chéad uair, agus toghadh Patrick Scott mar Shaoi.
I ndeireadh na dála, mar chríoch leis an nuachtlitir, tá na hailt rialta a bhíonn againn ón bPointe Teagmhála Cultúrtha, agus nuacht ón bpobal ealaíon.
Mary Cloake Stiúrthóir
|
|
1. Cláir mhaoinithe nua d'eagraíochtaí ealaíon
Sonraí faoi dhá chlár maoinithe nua atá le tabhairt isteach i mbliana d'eagraíochtaí ealaíon (Deontais do Chláir Bhliantúla agus Maoiniú Bliantúil)
Léigh tuilleadh
|
 |
2. Folúntais sa Chomhairle Ealaíon
Tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh deich gcinn d'fholúntais riaracháin shealadacha agus bhuana a líonadh
Léigh tuilleadh
|
 |
3. Maoiniú bronnta ar thrí thionscadal faoi Scéim na dTaispeántas Scoile 2007
Fuair trí thionscadal dámhachtainí le déanaí arbh fhiú €26,285 ar fad iad faoi Scéim na dTaispeántas Scoile 2007 de chuid na Comhairle Ealaíon.
Léigh tuilleadh
|
 |
4. An dara grúpa eagraíochtaí le bheith rannpháirteach i dTurgnamh na Camchuairte
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an dara grúpa eagraíochtaí a bheidh rannpháirteach i dTurgnamh na Camchuairte a fhógairt. Is tionscadal taighde dhá bhliain, tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon, é Turgnamh na Camchuairte atá deartha chun beartas camchuairteanna na todhchaí a mhúnlú agus a fhorbairt i bPoblacht na hÉireann.
Léigh tuilleadh
|
 |
5. Turgnamh na Camchuairte (Babhta 3): glao ar léirithe spéise
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an tríú agus an babhta deiridh de Thurgnamh na Camchuairte a fhógairt. Díreoidh an tríú babhta ar thosaíocht a thabhairt do gach réimse ealaíne nach bhfuil dóthain ionadaíochta acu ó thaobh an tionscadail taighde ghnímh go dtí seo.
Léigh tuilleadh
|
 |
6. Toghann Aosdána 15 chomhalta nua
Toghann Aosdána 15 chomhalta nua lena n-áirítear, den chéad uair, córagrafadóirí, agus is é Patrick Scott an Saoi nua atá acu.
Léigh tuilleadh
|
 |
7. Maoiniú do na hEalaíona Traidisiúnta Thuaidh/Theas: Turas
Is comhthionscnamh maoinithe é Turas atá ar bun ar bhonn píolótach ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus an Chomhairle Ealaíon. Baineann sé leis na healaíona traidisiúnta (ceol, amhráin, rince agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus agallamh beirte) agus na healaíona teanga (Gaeilge agus Albainis Uladh) áit a dtrasnaíonn siad a chéile go nádúrtha. Seolfar é i bhFoirgneamh Ealaíon an Fheabhail, Ollscoil Uladh ar an 27 Aibreán mar chuid d'oíche ceoil thraidisiúnta a bheidh á taifeadadh ag RTÉ don chlár Céilí House.
Léigh tuilleadh
|
 |
8. Nuacht ó lucht na n-ealaíon
Cuimsíonn na deiseanna san eagrán seo: sonraí faoi dhámhachtain stiúideo cónaitheach na n-ealaíontóirí Éireannacha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Cónaitheacht Ionad Tyrone Guthrie; tá Comhairle Chontae an Chabháin ag lorg aighneachtaí i gcomhair Ailtire cónaitheach i mbaile an Chabháin; tá Ionad Ealaíon na Maighdine Mara ag cuardach iarratas do Leas-Bhainisteoir oifig na dticéad; agus tuairisc ar sheimineár Music Network ar oideachas an cheoil.
Léigh tuilleadh
|
 |
9. Nuacht Idirnáisiúnta ón bPointe Teagmhála Cultúrtha
I measc na nuachta ón CCP in Aibreán: tá comhlacht comhordaithe náisiúnta bunaithe do 2008 - Bliain Eorpach na Dialóige Idirchultúrtha (EYID); staidéar de chuid Pharlaimint na hEorpa maidir le Maoiniú do na hEalaíona agus don Chultúr san AE; glao ar mholtaí do 2008 - Bliain Eorpach na Dialóige Idirchultúrtha (EYID)
Léigh tuilleadh
|
|
|